Scoil: Cnoc a Logha

Suíomh:
Troiste, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Ó Maoildeirg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 013

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0133, Leathanach 013

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc a Logha
  2. XML Leathanach 013
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is iomda sgéal atá ag na sean daoinibh faoi airgead atá i bhfolach. Seo sgéal a bhfuair mé ó mo mháthair faoi airgead atá i bhfolach. Tá cloc mór in aice mo thígh-sa agus deirtear go bhfuil pota oir faoi. Cloc mór is eadh é. Ní ndearnaidh duine ar bith ariamh iarracht chun é a fhághail mar bhí faitcios ortha. Deirtear gur airgead na daoine maithe atá ann. Bionn solas le feiceal anois agus arís ann.
    Oidhche amháin dhearc mé amach tríd an bhfuinneoig agus chonnaic mé solas ann. Bhí an solas in aice na cloice a bhfuil an tairgead faoi. Bhí sé ann ar feadh cupla moiméad agus d'imthigh sé annsin. Togfainn aníos é acht bheadh faitcios orm dul in aice leis. Ní leigfidh mó mathair mé rud a dheanamh leis agus deireann sí na bain leis an geis agus ní bhainfidh an geis leat.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Prionsias Ó Loinseacháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo