Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)

Suíomh:
Tip, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Eibhlín Ní Shíthigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 453

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 453

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Port an Iascaigh
  2. XML Leathanach 453
  3. XML “Cloch an Áidh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus coillte ag imtheacht siar uaidh na mílte troigh agus ag imtheacht na mílte troigh síos uaidh. Fá dheireadh tháinig maolugadh ar an ngluaiseacht agus thuirling an chloch go talamh agus tháinig anuas ar bhallaibh caisleáin mhóir. D'foscail geata ins na ballaibh agus chuaid an fear isteach. Do bhí ballaí móra ag síneadh amach uaidh ar gach taobh agus iad go léir lasta suas le solus neamh-shaogalta. Ní raibh duine beo - duine feichide le feiceáil isteach leis i seomra agus chomh luath agus sheas sé sa seómra d'éirigh bord beag agus cathaoir ós a chomhair. Do bhí éadach geal ar an mbord agus díol ríogh do féasta leagtha anuas air. Do bhí sean gacha dighe agus nua gacha bídh agus chuile rud a mheallfadh goile an duine ba dheacari a shásamh ar an saoghail so ann. D'ith agus d'ól an spailpín gach rud dá raibh ar an mbord agus chomh tobann is a bí sé réidhd'imthigh an bod airís.
    Ní raibh an spailpín anois acht seach tobac. Dhearc sé uaidh agus céard a chonnaic sé acht píopa agus tobac leagtha ar an mantal ós a chomhair. Thóg sé an phíop agus caith a sháith dhi. Nuair a bhí a sháit de' n tobac caithte aige chuir sé an phíop airís san áit ina bfuair sé í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    80
    Seoladh
    Tip, Co. Mhaigh Eo