Scoil: Port an Iascaigh (uimhir rolla 7903)
- Suíomh:
- Tip, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Eibhlín Ní Shíthigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a t-athair agus é á chaoineadh "dá ndéanfadh sé rud ar a athair agus a mhathair ní bheadh sé marbh." Cé go raibh sé dána bhí grádh aca dó a bhíonns ag 'chuile athair agus máthair dá na mac múirneach.
Bhí mac eile aca i n-Alban. Bhí obair aige sa tír sin agus ba mhinic a chuireadh sé airgead chucu. Bhí ag eirghe leis go maith san obair a bhí aige acht anois buaileadh isteach i n-intinn an lanaine so go n-eireócadh timpist éigin do muna dtagadh sé abhaile chucu. Sgríobhadar chuige ag nnsint dó faoi bháis a dhearbháthar agus ag iarriadh air teacht abhaile chomh tapaidh is ab'fhéidir.
Bhí sin go maith agud fé chionn seachtmhiane bhí an mac sa bhaile. Chuir sé seo leighis beag ar an mbrón a bhí ortha i ndiaidh an mhac eile. Lá amháin timcheall mí ina dhiaidh sin tháinig tinneas ar an mac. Chuadh sé isteach sa leabaidh agus chuir an mhathair ios ar an dochtúir acht sul ar thainig an dochtúir fuair an mac bás. Bhí croidhe an lanaine bhocht briste anois. A dara leanbh sciobtha uathu agus gan aon leanbh eile aca! Ní raibh dearbráthair na deirfiúr aca - ní raibh duine ar bith aca(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Sorcha Ní Mhaoldomhnaigh
- Inscne
- Baineann