Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal ar Bhean an Fhir Rua

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 382

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí teach an fhir ruaidh agus teach athar an chailín Faistíghthe dhá chéile i gConndae Mhuigheó. Sí an cheard agus an t-slíghe maireachtáil a bhí ag an bhfear ruadh - ag ceannach stoca agus da ndíol arís agus d'éirigh leis go ndearnaidh sé saidhbhreas mór leis an obair seo ach bhí athair an chailín bocht go leór.
Fa dheireadh cheap an ceannuidhe - stoca go mba cóir do cur faoi, agus d'iarr sé an inghean ar a chómharsan. Sin a raibh ón gcomharsain agus faoí Fhéil Padraig rinneadh an cleamhnas. Bhí tailliúr i ngean leis an gcailín freisin. Séard a bhí sa tailliúr - fear, breágh, léighte, aigeanta agus lé meidhir agus lé fiadhántas, d'imigh leis in a óige agus liostáil sé.
Tar éis dhá bhliadhain do caitheamh ag saighdiúireacht i mbaile beag i gConndae Mhuigheó. D'éaluigh sé abhaile arís i ngan-fhios. Is cosmhail gur mó an gean do bhí ag an gcailín ar an tailliúr ná ar aon duine eile agus tráthamhail go leor bhí sé sa mbaile i n-am lé bheith ag an gcleamhnas. In imtheacht na h-oidhche tairg an fear ruadh gloine biotaile don cailín acht d'eithig sise í agus tamall 'na diaidh sin

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Loinseacháin
Inscne
baineann
Seoladh
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Eibhlín Ní Chioghan
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge