Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 380
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó sin, na daoine a bhí in a gcomhnaide annseo is tighte deanta de scraiteaca a biodh acu. D'fágaidis 'poll deataigh' ar mullach a' tíghe in ionad simléir agus d'fagadh siad doras beag ar an mbinn. Ní bhíodh aon fhuinneóg acú acht poll bheag ins an taobh-bhalla. Nuair a thiocfadh an oidhche annsin líonfadh siad na puill seo d'fhéir no de chothain cun na gaoithe is na fearrthaine a choingheail amach.
Ins an mbinn bhíodh áit na tineadh agus ar chúl na tineabh bhíodh clocha ar fhaitchíos go leagfadh an binn an teine.
Théigheadh na fir amach agus bhíodh iarann fadó leó timcheall is deich dtroigh ar fhaid ag iarraidh adhmaid chun ceann a chur ar an dteach. Ní raibh aon adhmaid sa gcuid seo den dtír an uair sin. Théigheadh siad tríd an mbogach ag sáitheadh síos na h-iarrainn seo ins an mbogach nó go mbuailfidh siad an t-iarann i gcoinne rud cruaidh. Bhí fhios acu annsin go raibh an t-adhmaid ann. Geobhaidís annsin na spáid agus bhidís ag captadh an bhogaigh nó go geobhaidís an t-adhmaid. ? a tugtar ar an adhmaid sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Conmhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo