Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 374
- XML “An Reilig”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)suas le blian anuas agus mar gheall ar sin tógadh ceann úr i Muing-na-Tallamhna. Cuma cearnógach atá ar gach ceann acu. Tá fothrach teampoill i gCill t-Séine agus tá sean-sgéal ag baint leis. Tá sé ráidhte gur tógadh an teampoll sin i n-aon oidche amháin. Níl fhíos ag aoinne ar thalamh an domhain cé rinne an tógáil agus is docha nach mbeidh, ach ar chaoi ar bith níl aon duine beo a thóg é. Cuirtear daoine ann acht sílim nár leag aon duine lamh air ariamh.
Níl mórán de fágtha anois ar aon nós. Tá lios i Roilig Dhubh-Thuama. Níl ach páistí beaga curtha ins an lios acht amháin máirnéalach a fritheadh ar an gcladach. Ta Roilig Muing-na-Thallamhna agus Roilig Gaoth-Sáile togtha ar chnoc. Tá na cinn eile tógtha ar an leibhealta.
Níl crainn na tuir in aon cheann acu. Tá sean-chrosanna agus tuaimí i ngach ceann acu go mór-mhór i gceann Cill- t-Séine. Siad na daoine is mó a cuirtear na tuaimbí ar na h-uaighe acht cuirtear na bochtáin sean-crosanna ar a n-uaighe féin. Tá roilig amháin diomhaoin sa gceanntar sé sin; Roilig Cill-t-Séine. Níor cuireadh aoinne ann lé blian anuas. Cuirtear na páistí nach bhfuil báistíghthe i gcillín i gCnoc-a-Logha. Tá fothrach leachta ins an gcillín sin. Deirtear a com maith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Loinseacháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Ní Loinseacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo