Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gaoth Sáile | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 370

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Siad na h-éanlaithe feirme atá againn sa mbaile ná cearca. Cró na gcearc a tugtar ar an áit a bhíonns na cearca san oidhche. Nuair a bhíonn na daoine ag tabhairt bídh do na cearca glaoidheann siad: - tioc, tioc, tioc.

Siad na h-ainmhídhthe feirme atá againn sa mbaile na ba, gamhna agus muca. Ta sgioból againn le h-aghaidh na mbó chun iad a chur isteach ann ins an oidhche agus ceann eile le h-aghaidh na ngamhna agus cró le h-aghaidh na muc. Seo é an caoí lé bó a ceangailt: - bíonn an bucán sáithte isteach ins an mballa agus bíonn an eigin thart ar an mbucán agus bíonn an buaitreach ar a muinéal agus cuirtear an sniomh isteach ins an mogall agus bíonn an bhó ceangailte.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Guidhir
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Síle Bean Uí Conmhacháin
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
69
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge