Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ainmhithe na Feirme

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Siad na h-ainmhídhthe feirme atá againn sa mbaile na bá. Sgioból a tugtar ar an tígh na mbó. Seo é an chaoí le bó a cheangailt. Bíonn an bucán sáithte isteach insan mballa agus bíonn an eigin thart ar an mbucán agus bíonn an buaitreach ar a muinéal agus cuirtear an sníomh isteach sa mogall agus bíonn sé ceangailtí annsin. Langais a tugtar ar an sórt ceangail a bhíonns ar asail - rópa ceangailte don chois deiridh agus don chois toisigh. Buaithrín a tugtar ar an rópa ag ceangailt an dá chois toisigh. Glantar an sgiobáil gach lá agus cuirtear cochain mar easair futha agus bíonn sé go deas glan acu le luige air san oidhche.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Loinseacháin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Loinseacháin
Inscne
baineann
Aois
46
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge