Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gaoth Sáile | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 365

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

cuid eile dhe.

Thainig long eile i dtír i bPort an Cairn agus séard a bhí uirrthí na ualach barralaí sgadáin. Bhí cúigear nó seisear fear uirrí agus sabáileadh iad. Briseadh an long agus an chuid is mó de na barralaí leis an bruth. Thainig na sgadáin isteach i ? ar an ?. Thóg chuile dhuine ar an mbaile cuid de na sgadáin leo. Choinnigh muinntir an bhaile na máirnéalaigh ar feadh cupla lá no go dtainig siad acu féin.
Thainig long eile i dtir ag an 'gcairraig bhaithte' thiar ag gob an tuairín. Ba as an Spáinn an caiptín agus báthadh gach duine a bhí air. Iompuigheadh í ar a béal fuithe nuair a buaileadh í i gcoinnibh na gcarraig.
Shil an chaiptín Spainneach
Go mba laidir í a long