Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 363
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí an t-seipéal. Bhí an fear agus an bhean ar an gcéad chapall agus an fear agus an bhean a sheas leó ar an gcéad cheann eile. Bhí seacht gcinn déag de capaill ann ar fad.
Chonnaic fear é darbh ainm Niall agus bhí sé ag dul siar tríd an mbogach in dhiaidh na mbeithidhigh. Nuair a chuaidh sé siar tamall eile casadh fear eile leis, a bhí i ngrád leis an gcailín a bhí le pósadh. Nuair a thainig Niall suas leis, dubhairt se 'an annseo ata tusa agus do cailín imthighthe síos le bheith pósta.' 'An í sin an fhírinne' ar seisean. 'Tuige narbh eadh' arsa Niall. Ní dhearna sé a dhubh no a dhath acht suidhe síos agus an da bhróg a bhaint de agus as go bráth leis nó go dtainig sé suas leis an bposadh taobh amuigh den teach a phobaill.
Nuair a thainig se suas leis d'iarr sé ortha stopadh ar feadh cúpla nóiméad. Stop siad. 'Beul' ar seiseam 'a chailín cé is fearr leat a bheith pósta liom-sa na leis an bhfear go bhfuil do phósadh socruighthe.' 'Bfearr liom a bheith pósta leatsa' ar sise. Chuaidh siad isteach agus pósadh é gan bhróg, gan stoca.
Ní deanfad na daoine é sin anois.- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Aine Bean Uí Chinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 47
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo