Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 362

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 362

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 362
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an phósaidh. Nuair a bhionn an fear ag dul amach ag pósadh caitheann duine eicínt as an teach, an tlú síos ar an urlár in a dhiaidh. Ní chreideann cuid de na daoine ionnta seo mar nil ionnta ach riar na bpagantach in Eirinn.
    Timcheall is meadon oidhche tagann na cleamhairí go dtí an teach. Bíonn ó seisear go ceathrar is fiche díobh ann ar fad - bíonn caiptín le smacht a chongbheaíl ortha agus bíonn an céad damhsa ag an gcaiptín agus ag an bhean nua-phósta. Bíonn sean-fhear ag sean-bhean ortha. Beirt buachaillí agus iad gléasta le sgiorta mhóra agus brat breághaid ar a cloigeann agus péire de shean-bhrógaí. Bíonn an t-sean-fhear gléasta le sean-bhríste, sean casóg agus bionn a gcuid éadan cluduighthe ar fhaitchíos go n-aithneócadh einne iad.
    Bíonn na cleamairí gléasta go deas in éadaigh bána agus bíonn hataí ortha déanta as cochain seagail. Bíonn na hataí seo anuas go dtí na guailnibh agus iad déanta suas go h-aluinn.

    Sgéal ina thaobh
    Aon uair amhain bhí pósadh ag dul síos an bhothair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chinnéidigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Aine Bean Uí Chinnéidigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    47
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo