Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 357

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 357

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 357
  3. XML “Lá Fhéile Stiofáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    in a righ. Ar deire thiar tall shocruigh siad gur'b é an t-éan a bheadh indon eitilt suas ba aoirde sa spéir gurb'é a bhéadh 'na righ.
    Ó bhí an dreoilín comh beag is bhí sé bhí eagla air nach mbéadh sé indon eitilt ró-árd agus cheap sé a dhul suas ar dhruim an iolair a bhí níos mó ná na h-eanacha eile agus d'fan sé ann nó go raibh gach éan eile tuirseach agus b'éigin dóibh isliú.
    Nuair a bhí an t-iolair ar tí a rádh go raibh sé 'na rí, d'eiteall an dreoilín amach os a chionn agus bhí sé 'na rígh annsin. Sin é an fáth go dtugann na daoine onóir don dreoilín.
    Ó's rud é go dtuiteann lá 'le Stiopháin ar an lá 'na dhiaidh lae Nodlaig bíonn neart ithe is ól lé faghail ag na daoine ag a mbíonn an dreoilín. Seo é an rann a deireann siad: -
    'Dreoilín, Dreoilín, Rí na n-éan,
    Is mór do mhuirghin, is beag tú féin,
    Eirigh suas a bhean-a'-tighe,
    Beir ar cois na sginne buidhe
    Is tabhair pinginn don Dreoilín.'
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Stiofáin (~402)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Gamhnáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó Conmhacháin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo