Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gaoth Sáile | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 349

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

an phuist an lá sin go bhfeicfeadh sé cé'n pronntanas a gheobhfadh sé. Sé an gnó a bhíodh ag na sean-daoine dul isteach go teach an ósta thar éis aifrinn lá Nodlag deireadh siad go bhfliuchadh siad an Nodlag.

Ní raibh aon aonach thart in mo cheanntar acht aonach Gaoth-Saile agus aonach Bheanncor. Théigheadh ceannuightheóirí ó theach go teach fá'n dtuaith ag ceannach coirce, fataí, mucaí, ba, eorna, seagail, turnaipí agus chuile shórt.
Tugtar airgead chun ráta le gach beithidheach agus tugtar 'éirleis' mar ainm air. Leath-coróin nó mar sin is eadh é. Nuair a cheannuigheann an ceannuighteóir an beithidheach agus nuair thugann sé an t-airgead den bhfear, tugann sé ar ais cúpla sgilling dó agus sin é, 'eirnist.'
'Sé an chaoi a dheineann siad an margadh, bíonn siad ag buaileadh lamhai a chéile agus imhtigeann siad sgathamh ó chéile. Uaireannta nuair a bhíonn sé socruighthe go dtí deich sgillinge nó cúig, tagann fear eile agus sgoilteann sé an margadh.
Nuair a bhíonn an margadh déanta téigheann siad isteach go teach an óil agus bíonn deoch acú agus íocann siad an t-airgead annsin. Marcaltar an beithidhigh lé laithigh ar bhárr maide agus bíonn gorm lé cuid eile agus gearann, cuid eile an fionnadh agus bíonn tara agus sealadh dearg

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge