Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 345
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe ceann-tuighe is mó a bhí ann fadó, ag daoine bocht. Ní raibh acú acht an t-aon seomra amháin a dtugadh siad an cistineach air. 'Bothóg' an t-ainm a thugadh siad ar an tighe. Ní raibh. Ní raibh acht fuinneóigín an-bheag ionnta, timcheall is sé n-orlaigh ar leitheadh agus sé n-orlaigh ar fhaid agus i gcuid do na tighthe ní raibh fuinneóga ar bith.
Ní raibh aon tsimné ortha acht poll mhór suas ar a mhullach a leigheadh an deatach amach agus cuireadh siad cliabh suas ar bhárr, a chomneóchadh an cochann gan tuitim isteach ann. 'Poll leathaidh' a tugadh siad ar an bpoll sin.
An té a raibh gamhain nó bó aige bhíodh siad ceangailte istigh sa teach leo fhéin acú. Glanadh siad amach an teach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Cinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Chinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 46
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo