Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 344

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 344

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 344
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí fear eile in Dubh-Thuama darb ainm Micheál (Mór) Ó Muighille agus suibhal seisean as Dubh-Thuama go Sligeach nuair a bhí sé ag dul go Sasana. Bhí an bád imthighthe nuair a shroich sé an caladh agus annsin b'eigin dó pilleadh abhaile ar ais arís ag suibhal. Shroich sé abhaile agus tráthnóna an lae a d'fhág sé Sligeach. In éis é a fhilleadh abhaile an tráthnóna chuir sé leath-phunta de phóir turnapaí. Tá an fear seo marbh le sgór blian.
    Charlie Philips: - comhnuigh sé i gCartruin in gar don bhFód Dubh. Ghoid sé capall ó n'athair. Chuir sé isteach sa mbád í agus d'iomcair sé an bhád é féin treasna an chuain nó gur shroich sé Dubh-Airc. D'fág sé Dubh-Airc ar a capall agus thiomáin leis comh fada lé Baile Uí Feóchain timcheall is dá sgór míle o Dubh-Airc. Bhí aonach i mBaile Uí Fheochain an lá sin agus dhíol sé an chapall. Timcheall is trí sgór blian ó shoin a bhfuair Charlie bás. Is i dteach a mhathar mhór in Dubh Airc a d'fhan sé an lá sin a raibh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghamhnáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eamonn Ó Connmhacháin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo