Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bhíonn an ghrian leat-bháithte bíonn fearthainn agus stoirm air. Nuair a bhíonn fáinne mór ná gárrdha mór timcheall an ghealaighe. Bíonn fearthainn agus stoirm air comh maith agus ma bhíonn beárna ar bith sa bhfainne sin é an bonn a thugas an fearthainn as.
Bíonn na réalta ag damhsa agus iad an-glán huair a bhíonn sioc air. Nuair a bhíonn sgamaill in an spéir agus suibhal mór leo thar an ghealaigh bíonn an stoirm in ghar dhuinn an uair sin.
Nuair a bhíonn an talamh a bhíos i bhfad uait ag breatnú comgarach duit bíonn fearthainn air. Bíonn an fhairrige eirighthe agus bruthanna móra ann agus an gainimh oibrighthe aníos ó thoín na tragha agus bíonn an cubhar ar an traígh isteach roimh an lán-mhara, nuair a bhíonn stoirm air. An gaoth andeas is mó a thugann stoirm leí.
Nuair a bhíonn uair maith air bíonn na geadhbhna fiadhaíne ag tarraingt ar an bhfarraige. Ach nuair a bhíonn droch-uair air tagann na faoileáin aníos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bhean Uí Chinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo