Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 325
- XML “An Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)daoine maithe an t-im.
2. Cuireann cuid acu sméaróg isteach faoí an gcuinneóg nuair a bhíonn siad ag déanamh an maistreadh.
3. Ní leigeann cuid acu bainne amach gan salann a cur air.
4. Deirtear nach bhfuil sé ceart aon rud lasta amach an fhaid is ta maistreadh ar siubhal agus má thagann duine isteach agus aithne a thabhairt leis deirtear gur ceart dó fód eile a chur ar an teine agus a rádh nuair a bhéas sé ag imtheacht: - 'fuagraim do chuid ime agus bainne agat féin a bhean a tíghe.
5. Má thagann strainséar isteach agus maistreadh ar siubhal is ceart dó cúpla buille do bhuaileadh air.Sgéal
Aon uair amháin bhí fear ag dul go dtí an t-aonach i mBeannchor agus ar a bhealach chuaidh sé isteach go teach le na píopa a lasu. Bhi bean ag déanamh maistreadh. Las sé a phíopa agus thainig sé amach arís. Bhí sí ag déanamh an maistreadh ar feadh tamaill maith acht níorbh féidir leí aon im a thabhairt air. Nuair a bhí an fear ag filleadh abhaile chuaidh sé amach roimhe agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Aine Bean Uí Cinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo