Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Maistreadh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 324

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ta cuinneóg againn sa mbaile. Ta sé againn anois lé cúig bliadhna déag. Déanann mo mathair an maistreadh agus oibrigheann sí an loinithe in a mathair thart timcheall. Sé an chaoí go mbíonn fhios aice go bhfuil se déanta nuair a fheaceann sí an loinithe glan gan aon im greamuighthe de agus nuair a bhíonn an t-im in aon chrap amháin.
Se an chéad rud a dhéanann sí ná a lámhaí a sgóladh go maith ionnas nach greamócadh an t-im dóibh. Annsin tógann sí amach an t-im i mbáisín adhmaid agus cuireann sí uisge air. Bíonn sí ag cur uisge air no go bhfeiceann sí glan é - gan aon bhláthach ann. Annsin cuireann sí salann air agus deanann sí suas go deas in a rollaibh é. Déanann sí maistreadh timcheall is uair sa t-seachtmhain. Tá a lán, lán, pisreóg ag gabháil le bainne agus im.

Pisreóga
1. Cuireann cuid de na daoine uisge coisreachta ar an gcuinneóg i dtreo is sguabfadh na

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Maighréad Ní Chinnéidigh
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Aine Bean Uí Cinnéidigh
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
45
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge