Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Reilig

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 322

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá ceithre roilig sa bparróiste: - Roilig Cill t-Séine ar an gceann a bhfuil eolas ag na sean-daoine uirthe. Roilig Beanncor: - ceann nua ata ann anois. Roilig Dubh-Thuama atá ann le deich mbliadhain agus Roilig Naomh Cholmcille in aice lé Gaoth-Sáile - ceann nua eile atá ann anois. Cuma dronuilleogach ata ar gach ceann acu.
Ta pothrach sean-teampaill i gCill-tSéine agus tá sé raidhte gur tógadh é in aon oidhche amháin. Tá an roilig seo dunta anois acht cuireadh daoine sa bhfothrach comh maith. Ta an abhainn mór ag rith le h-ais na roilge seo. Eirigheann an tuile ar pairt na roilge go minic agus déanann sé díoghbáil mór mar crochann sí na ballaí leí.
Tha siad ag cur corp sa tsean roilig sin le os cionn céad bliadhan. I roilig Dubh-Thuama tá sean-lios ann in ait a gcuirtí naoidheanáin a gcailltí gan báistí agus cuirtí sean-daoine ann in aimsir an droch-saoghail. Usáidtear an áit sin fós ach tá sé beannuighthe anois.
Cuirtear cuid maith de na cuirp taobh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Ghamhnáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Chonmhacháin
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
80
Gairm bheatha
múinteoir
Seoladh
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge