Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 320
- XML “An Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuinneóg againn sa mbaile agus níl sé againn ach lé cúpla mí. Deanann mo mathair an maistreadh agus oibrigheann sí an loinithe timcheall i bhfáinne. Má thagann stroinséar isteach le linn an maistreadh a bheith ghá déanamh, buaileann seisean greas ar an maistreadh mar tá sé de phisreóg ag na daoine muna ndéanfadh sé sin sguabhfadh sé im na bliana sin leis.
Uaireannta cuirtear marc eicint leis ar tón na cuinneóige. Cuireann cuid de na daoine cros beag air agus cuireann cuid eile an data ar a bhfuair siad an chuinneóg air. Bíonn maistreadh á deanamh ar feadh tuairim is leath-uair a chluig.
Bionn fíos againn go bhfuil an t-im a teacht ar an mbainne nuair a fheicimíd na grainne beaga d'im air. Nuair a bhíonn mo mháthair ag dul ag nígheadh na h-ime sé an céad rud a dhéanann sí ná a lámha a sgóladh go idtreo is nach greamócadh an t-im dóibh. Nígheann sí an t-im in uisge fuar agus bíonn sí á nígheadh nó go bhfeiceann sí an t-uisge glan gan aon bhainne air. Annsin deanann sí suas é in a rollaibh deasa.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghamhnáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Chonmhachain
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo