Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Na Fataí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhíodh siad ag baint na bhfataí fadó, téigheadh siad amach tar eis an bricfeasta agus ní thíocfadh siad isteach go dtí an oidhche. Thógfadh siad leo cliabh lán de mhóin agus aitheacha comh maith agus chuirfeadh siad síos teine agus nuair a bhéadh se i n-am dinnéir chuirfeadh siad pruistéal Dé na fataí is fearr a bhí bainte acu síos ag bruith agus nuair a bhíodh siad bruithte thógfadh siad suas iad agus d'íosfadh siad iad agus d'ólfadh siad blatach in éinfheacht leo agus annsin ní bhíodh aon ocras ortha go dtéigeadh siad abhaile san oidhche.
    Sgéal ag baint leis
    Lá amháin bhí sagart ag dul thart ar ait a raibh daoine ag bruicheadh fataí agus sheas sé ag feachaint ortha. 'B'fheidir' arsa fear amháin acu 'go n-iosfeá fata.' 'D'íosfainn agus fáilte' ars an sagart. Tugadh fata don sagart le n-ite agus nuair a bhí an fhear ag seacadadh an fhata don sagart tosuig sé ag iarraidh an luaith a bhaint de'n fhata le na ?.
    Dubhairt an sagart leis 'na bac leis an seideadh sin mar an ait a mbíonn gaoth bíonn fearthainn'
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. prátaí (~2,701)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ghamhnain
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Conmacháin
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    81
    Seoladh
    Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo