Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 318
- XML “Na Fataí”
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le cur na bhfataí.Deireann cuid de na daoine go bhfuil sé ceart tosnú ag cur na bhfataí Dé hAoine agus rud ar bith a chuireann siad 'Aoine an Chéasta' go bhfásfaidh sé. Deireann siad chomh maith nach bhfuil sé ceart tosnú ar obair ar bith Dé Sathairn mar obair a thosnaíonn siad deirtear nach gcríochnóidh go deo.
- Cuirimid fataí ar an bhfeilm gach bliain. Ullmhaigheann m'athair an talamh ina gcóir. Basluigheann sé cuid den talamh i mí Deireadh Fómhair agus i mí na Samhna. Nuair a thagann an tEarrach rómharuigheann sé an talamh arís agus déanann sé iomairí, do chuid den talamh agus drilleanna den chuid eile.
Cuireann sé na scoilteáin ins na drilleanna agus cuireann sé rallach agus aoil síos leo. Cuireann sé cuid eile dena scoilteáin síos ins na h-iomairí agus déanann sé na h-iomairí timpeall is trí troigh ar leithead.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghamhnain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Conmacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo