Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 317
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus scoiltear ar an gcuid a chuireann siad.
I bhfad sul má bhíonn sé in am iad a chuir, cuireann denadaoine na scoiltean i mbosca i dtreo iis go mbeadh bachlóga fada orthu agus nach mbeadh siad i bhfad curtha go bhfásadh siad.
Nuair a thagann na gais beaga aníod, baineann an luibhthearnach astu agus cuireann sé abhleaic orthu agus ansin lánann sé iad. Ansin déanann sé iad a spréadh i gcoinne an "Dubh". I mí deireadh Fómhair, baineann sé iad agus cuirimid isteach i bpoll iad. Sé an caoi a ndéanaimid an poll ná na fataí a chur i gcrap mór agus ansin scraitheachaí a chur taobh amuigh dóibh agus ansin créafóg a chur taobh amuigh de sin arís. Ní mór aire maith a thabhaiirt orthu an fhada is atá siad sa bpoll mar caithimid iad a thionntú cúpla uair.
Ní úsáidtear fataí i mo cheantar-sa anois chun stairch a dhéanamh ach úsáidtí fadó iad. Sé an chaoi a dhéanfadh siad é ná na fataí a ghlanadh agus an craiceann a bhaint dóibh agus iad a scríóbadh agus uisce bruite a chur orthu agus ansin séalann siad é.
Tá a lán pisreoga, ag gabháil(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chinnéidigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Áine Bean Uí Chinnéidigh
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 45
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo