Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Cúram na gCos

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 312

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Fadó roimhe seo ní fheicfeá duine ar bith ag caitheamh bróg. D'imtheóchadh gach duine idir sean agus óg cosnochtuithe. Bhí fear in Dubh-Thuama uair amháin agus nuair a tháinig a inghean abhaile as Ameiriocá thug sí péidhre bróg léi go dtí é. Nuair a chonnaic sé iad séard dubhairt sé, 'ó a dhiabhail ní chuirfinn mo chosa isteach ionnta sin ar an méid dá bhfaca mé ariamh.'
Taréis sin bhí na bróga ag dul tré Dubh-Thuama agus gach duine ag baint corr astú. Annsin nuair a thosnuigh na daoine ag caitheamh bróga agus nuair a bhéadh siad ag teacht ar Aifreann ní chuirfeadh siad na bróga orthú go dtí go dtiocfadh siad ingar don áit.
Lá eile bhí fear ag teacht go dtí an t-Aifreann agus bhí a bhróga ar a bhaclainn aige. Bhuail sé a chos in-aghaidh na cloiche agus dubhairt sé, 'is maith an rud nach bhfuil mo bhróga nua orm nó bhéadh siad millte agam'?

Pisreóga
1. An chéad lá a chaitheann tú péidhre bróg nua

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Bríghid Ní Scanaill
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Scanaill
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
52
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge