Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 306

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 306
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    7. Is fearr bheith diomhaoin ná droch-ghnóthach.
    8. Má's cam, díreach an ród sé an bóthar mór an t-athghiorra.
    9. Bailigheann brobh beart agus deanann beart stáca.
    10. Dlighe na h-iasachta, an t-iarraidh a bhriseadh.
    11. Cuir snaidhm nó caillfidh tú dhá greim.
    12. Ní creidtear an fhírinne ó'n duine bréagach.
    13. 'Fill orm' adeir an droch-ghnó.
    14. Is mairg a mholfadh lé h-eagla go gcáinfeadh.
    15. Ná caith an t-uisge salach féin amach nó go mbeidh an t-uisge glan istigh agat.
    16. Bíonn ádh ar an amadán.
    17. Ní thagann ciall roimh aois.
    18. Is mairg a bhéas go h-olc agus a bhéas go bocht 'na dhiaidh.
    19. Ní h-é lá na gaoithe lá na sgolb.
    20. Ná díol do chearc an lá fliúch.
    21. Ná caith do saoghal dímhaoin.
    22. Nigheachán an tSathairn bíonn sé geal Dé Domhnaigh.
    23. Ingan fhios don dlighe is fearr a bheith ann.
    24. Nuair is cruaidh don cailligh caithfidh sí rith.
    25. Níor dóigh an sean-chat é féin ariamh.
    26. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn acht ní féarmhar.
    27. Castar na daoine ar a chéile acht ní chastar na cnuic ná na sléibhte.
    28. Is mac duit do mhac go bpósann sé acht is inghean duit d'inghin go dtéigh sí sa chré.
    29. Muna bhfeileann an caipín duit ná cait é.
    30. Mair a chapaill agus geobhair féar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Scanaill
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo