Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 297

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 297

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 297
  3. XML “Abairtí i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a bhíonn ceó ar aibhne bíonn uair maith air. Nuair a bhíonn ceó ar cnocaibh bionn droch uair air. Mar a deireann an sean-fhocal - ceó doininne ar cnocaibh - ceó soininne ar aibhne. Nuair a bhíonn ceó i ndeire ná gaelaighe deirtear go mbéidh feartainn againn roimh tráthnóna an lae i ndiaidh sin.
    Nuair a bhíonn an spéir dearg thoir ar maidin sin comhartha baistighe agus gaoth, agus nuair a bhíonn sí dearg thiar ag luighe ná gréine béid lá aoibhinn againn an lá indiaidh sin. Nuair a bhíonn tuar-ceatha ann ar maidin deirtear go mbéidh sé ag báisteach roimh deireadh an lae mar deireann an shean-fhochal - 'tuagh ceartha ar maidin cioth roimh trathnona.'
    Nuair a bhíonn ná crothuigh ag feadaighil deirtear go mbíonn atrú uaire air. Bíonn an madadh ag íre féar glas nuair a bhíonn droch uair air. Nuair nach dtéigeann an lán mara amach thar ná clocaí go mbíonn an stoirm ag an bfarraige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Cinnéidigh
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Uí Cinnéidigh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    46
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo