Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 281

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is iomdha sgéal a chloisfí i dtaobh na sídheog sa tsean aimsear. I bhfad o shoin ní raibh banáltra ar bith sa tír, acht bean ghluin a dheanfadh obair na mbanáltra an úair sin. Bhí bean glún ann úair amhain agus oidhche amhain buaileadh ag doras a tígh agus chúaidh sí go dtí an doras agus cé bhéadh ann acht strainséar nach bhfaca sí ariamh.

Díarr sé dhi an rachadh si leis go dtí a thígh féin go raibh a bhean tinn agus dúbhairt sise go rachadh agus fáilte. Ar a dhul isteach di casadh bean léi ag an táirsing agus dúbhairt sí léithí gan rud ar bith a thógáil uatha, airgead, nó rud ar bith eile.
Níorbh fhada a bhí sí ann nuair a rugadh mac don mnaoi. Tar éis tamaill cuireadar síos teine mór agus céard a dheanfaidís acht an páiste a chuir isteach ann agus é a dhóghadh. Núair a bhí an bhean imtheacht bhíodar ag tabhairt go leór airgid dí acht ní ghlacadh sí lé. Annsin tugadh naipcín poca di agus glac sí e.
Ag dul amach di

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Nóra Ní Ghuidhir
Inscne
baineann
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Sorcha Bean Uí Ghuidhir
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
38
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge