Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 272

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 272

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 272
  3. XML “An Taibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    lán an chrúiscín don phórtair'? D'éirigh sé agus leig sé don fhear an crúiscín do líonadh. Nuair a bhí se líonta amach leis, agus chuadar a chodladh.
    Taréis tamaill mhothuigh siad an torann agus an ruaille-buaille ós cionn staighre. Chuir fear acú a cheann síos faoi éadaigh na leabhtan acht chuaidh an fear eile suas. Triúir a bhí ag imirt peile agus bfacthas dó-san go raibh beirt acú ag imirt i gcoinnibh duine amháin. Bhí an fhuinneóg foscailte agus nuair a thainig an liathróid a bhealach-sa thug sé clabhta boise dó a chur amach tríd an bhfuinneóg é. Ní túisge ná raibh sé amuigh nó d'imigh an beirt eile amach 'na dhiaidh.
    Annsin thainig an fear eile amach comh fada leis-san agus chraith sé láimh leis. 'Is maith an rud a rinne tú a chara mar sé'n pionós a bhí orm-sa bheith ag imirt peile leó-san nó go gcuirfinn an liathróid amach tríd an bhfuinneóg. Táim ag imirt leó annsin ar eadh sgór bliain acht táim comh fada anois agus bhíos an chéad lá. Thug sé páipéar dhó annsin agus dubhairt sé leis é a thabhairt d'fhear an tigh ar maidin 'mar is é m'athair é agus aithnéochaidh sé sgríobhadh a mhic'.
    Ar maidin thug sé an páipéar dó agus tháinig iongnadh an domhain air nuair a d'airnigh sé an sgríobhneóreacht. D'innis sé an sgéal dó ó thús deiridh agus thug an fear Feilim fiche acra talmhan do agus an teach leis. As sin amach mhair sé ansin go lá a báis.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighíd Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Scanaill
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo