Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 271

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 271

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gaoth Sáile
  2. XML Leathanach 271
  3. XML “An Taibhse”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear ag teacht abhaile ó Shasana uair amháin. Ní raibh na busanna go flúirseach an uair sin ná na gluaisteáin acht oiread. nuair a thangadar as an mbád i mBaile-Átha-Cliath bhí ortha siubhal an cuid eile don bhealach.. D'aimsigheadar an turas agus bhíodar tuisreach traochta nuair a thainig siad chomh fada lé Béal-an-Átha.
    Bhí an dorchadas ag tuitim agus dubhradar leó féin go mba mhaith an chomhairle é fanacht i mBéal-an-Átha go maidin. Chuadar go dtí teach áirithe agus d'iarradar lóistín ann acht dubhairt fear-an-tighe nach raibh aon seomra aige lé'na gcur suas. Acht annsin dubhairt sé leó, 'an bhfeiceann sibh an teach sin thall'? 'bhuel is liom-sa an teach sin agus is féidir lib fhanacht ann go maidin'?
    Bhíodar an-tsásta leó féin agus nuair a chuadar isteach lasadar tine agus bhruith siad suipear maith dóibh féin. bhí sé timceall a dó-dhéag a chlog an tráth seo agus dubhairt fear amháin acú leis an bhfear eile. 'Go isteach agus tabhair amach crúisgín pórtair leat go n-ólfaimíd é sula ngabhfaimíd a chodhladh? Isteach leis agus chonnaic sé fear 'na shuidhe ar an mbairille.
    Thainig faitchíos ar agus amach leis. D'innis sé don bhfear eile é acht thóg seisean an chrúiscín agus chuaidh sé isteach. Bhí an fear 'na shuidhe annsin. Dubhairt sé leis go múinte. 'Éirigh má's é do thoil é nó go bhfuighidh mé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighíd Ní Scanaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Scanaill
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Aois
    52
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo