Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 267
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Caol aníos, leathan anuas. Deineann sí sgith agus lámh in a cluais.
(Cuinneóg)
2. Márt ag dul ó alt ó alt is gan aon chnámh ann.
(Seilmide)
3. Cím agam análl í ingean an rí go ? teann, fáinne óir ar bhárr a boise agus cúl a coise tre ná ceann.
(Tuagha)
4. Ritheas agus fuaras. Dá bfágainn é ní béarfainn liom é acht mar nach bfuaras tugas
(Dealgh in mo cos)
5. Eibhlinn bhuidhe bhearrtha i lár na tuinne baine.
(Im ar barr bhlata)
6. Céard iad na trí nídh nach féidir a foghlaim
(guth-béil, ?, filidheact)
7. Céard na trí nídh gan ráth.
(Teach ar árd, bó bhán, bean bhreagh)
8. Ceard iad na trí nídh nach féidir aon mheabhair a fhágail ortha.
Inntleacht ná mban, obair ná mbeach, teach agus imteacht an taoide.