Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 263
- XML “Scéal faoin nGorta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ann fadó agus bhí comhnaidhe ortha i dTallachán. Bhíodar an-bhocht ar fad mar bá h-am an ghorta é agus ní raibh aon rud le n-ithe acú acht turnaipí buidhe. Ar deireadh cailleadh fear amháin acú agus bhí an fear eile go h-an dona.
Ní raibh fhios ag duine ar bith go raibh sé marbhú go dtí seachtain nó coicís in adhiaidh. Lá amháin chuaidh duine éigin isteach go bhfeicfeadh sé cé'n caoi a'raibh siad ag dul ar aghaidh. Nuair a chuaidh sé isteach níor fhéad sé aon rud a fheicsint, bhí an teach chomh dorcha sin.
Las sé cipín agus is beag ná'r thuit sé leis an sgannradh. Sínte treasna ar sean-leabaidh bhí fear bocht amháin acú agus é marbhú agus leigthe siar ar stóilín bhí fear eile acú agus é marbhú chomh maith. Amach leis chomh tapaidh agus bhí in a chosaibh gur innis sé do mhuinntear an bhaile é.
Thaing scata acú agus thug siad leó adhmad agus gléasanna eile nó go ndearnaidh siad peidhre comhnra dóbhta agus cuireadar na fir marbhú isteach ionnta. Annsin chuaidh siad go dtí an roilig chun go gcuirfeadh siad iad. Nuair a leagadar na comhnraí síos ins an uaigh chonnaic an sluaigh mór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Scanaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo