Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)
- Suíomh:
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gaoth Sáile
- XML Leathanach 251
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag obair amárach mar caithfimíd an t-ór a chomhaireamh.
Lá ar na bhárach chuaidh an bhean go dtí teach an driotháir saidhbhir agus fuair sí crúiscín ar iasacht ann. 'Céard lé h-aghaidh an chrúiscín' adeir an bhean eile. 'Inis a fuair mé ó mó chomhairsainn agus caithfidh mé é a chur arais chuicí'. Bhí amhras aicí nár'b in í an fhírinne uile agus chuir sí rud éigin isteach ins an gcrúiscín ionnus go greamóchadh píosa don rud a chuirfeadh isteach ann de bhunn an chrúiscín.
Maith go leór nuair a thainig an bhean leis an gcrúiscín d'féach an bhean eile isteach ann agus céard a chífidh sí ach acht sobharn buidhe ag tóin an chrúiscín. Níor labhair sé ansin go ndeachaidh an bhean abhaile agus annsin d'innis sí gach rud don fear. 'Téirigh anois agus fágh amach cé'n áit a bhfuair siad é'.
Chuaidh an fear agus d'innis an driotháir gach rud dó agus theasbáin sé an áit ar chuir sé an cat chomh maith. Annsin níor thug a bhean suaimhneas dó nó go dtógfadh sé arís é. Chuaidh sé agus thóg sé é ar deireadh. Dubhairt sé leis dul 'na dhiaidh a dhriotháir arís. 'Ní gabhfaidh mé acht leanfaidh mé thusa go brath', ars an cat. Ina dhiaidh sin ní raibh aon rath air. Cailleadh a bhean agus a chlann go léir agus fuair a chuid bó bás.- Bailitheoir
- Brighid Ní Scanaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Scanaill
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo