Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Saibhreas Mhaghdóráin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí iomdha áit ar fud na h-Éireann, áiteacha iar-chúlta go mór-mhór go bhfuil a lán óir curtha i bhfolach ag daoine do mhair fadó. Tá sgéalta go leór lé cloisteáil ag gach duine in Éirinn beagnach i dtaobh sean-daoine a raibh sainnt mhór in a gcuid airgid acú agus nár thainig leó é fhágail 'na ndiaidh ag mac ná inghean lé sógh a bhaint as taréis a mbás.

Is minic a chualas mo mhathair a rádh go mbíodh sean-chaiptín ag dul thart fadó agus go mbíodh sé ag teacht i dtír go minic i Mágdór. B'é baramhail gach uile dhuine go raibh a lán airgid aige. Aon uair amháin bhí ar a dhul go h-Ameirice agus bhí fhios ag gach duine nach dtuibharfadh se a chuid airgid leis.
Bhíodh gach aoinne ag faire air go bhfeicfeadh siad a'gcuirfeadh sé in aon áit é. Bhí a long ar ancaire sa chuan go dtí an maidin áirithe seo agus nuair a d'féach siad amach ní raibh tásg nó tuairisg air. Ní raibh fhios ag éinne ar chuir sé aon óir i bhfolach nó nár chuir acht dubhairt fear éigin gur chuir sé ceithre bhoscaí d'ór agus bosca d'airgead geal i bhfolach thiar i gceann h-Imeallta.
Ar chuma ar bith nuair a chuala na daoine sin chuaidh fear amháin gur

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brighid Ní Scanaill
Inscne
baineann
Seoladh
Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Máire Bean Uí Scanaill
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
52
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
Tulachán Dubh, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge