School: Gaoth Sáile (roll number 12958)

Location:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Teacher:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0132, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gaoth Sáile
  2. XML Page 242
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    scríobhfadh mé leitir fada duit. Gabh isteach anois agus seacha dhó an leitir seo agus aithneochadh sé scríobhadh a mhaicín bán ach curtha lé lá agus bliadhain. Lé do ghuidhe chuir tú mise isteach san bhflaitheas agus tá an bhronntanas sin le fágail agat ó Dia agus uaimse do mhaicín bán a thabhairt ón gcroic.
    Chuaidh an bhean bhocht isteach go dtí an pálás agus do bhuail sí ag an doras. D'fhosgail an cailín aimsire é agus nuair a chonnaic sí an bhean dubhairt sí 'ní thiocfaidh tusa isteach go dtí an teach seo lé na gioblacha salacha sin atá ort' agus dhún sí an doras ina h-aghaidh.
    Chualaidh an tighearna talmhan í agus dubhairt sé 'leig isteach an bhean sin'ní thiocfaidh sí go dtí an teach seo muna mbeadh go raibh gnóithe mór aici ann agus leis sin leig sí isteach an bhean.
    Nuair a tháinig sí go dtí an seomra i-na raibh an tighearna talmhan dubhairt sí 'ní rachfaidh mise isteach go dtí an seomra deas sin mar salóchair é', ach dubhairt an tighearna léi a theacht isteach. Tháinig sí isteach agus thug sí an leitir dó agus dubhairt sí gur fear ón bhflaitheas a thug di é.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. scéalta (~478)
        1. scéalta cráifeacha (~1,085)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chuideagáin
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
    Informant
    Áine Ní Chomhaill
    Relation
    Unknown
    Gender
    Female
    Address
    Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo