Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí baintreach ann fadó agus cailleadh a muinntir uilig ach í féin agus a mac. Níor airigh sí ariamh nó go dtainig na Gardaí thart ar an teach a rádh ins in éagcóir gur mharbhuigh an mac fear.

Tógadh chun bealaigh é agus ní raibh aige ach seacht lá nó go gcrochfaidhe é. Níor stop an bhean bhocht ar feadh na seacht lá sin ach ag guidhe agus ag caoineadh in-dhiaidh a maicín bán. Nuair a bhí na seacht lá in gár a bheith thart thainig smaoineadh ina hintinn agus chuaidh sí go dtí an príosúin nó go bhfeicfidh sí radharc amháin amháin ar a maicín sul a gcrochfaidhe é.
Bhí sí ag dul an bóthar mór an lá ba mheasa de shéid ariamh. Níor airigh sí ariamh nó go dtáinig fear agus capall an bóthar ina diaidh. Léim sé anuas nuair a tháinig sé í agus dubhairt sé 'ná bíodh faitíos ort a shean-bhean tá mise ag teacht ón bhflaitheas le tusa a shábháil.
Tá teach m'athar i ngár dhuit anois agus ná téirigh níos fuide nó go

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Chuideagáin
Inscne
baineann
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Áine Ní Chomhaill
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge