Scoil: Gaoth Sáile (uimhir rolla 12958)

Suíomh:
Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Sorcha, Bean Uí Ghamhnáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Saibhreas Inbhir

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 237

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ina chómhnuidhe in Inbhear uair amháin darbh ainm Brian Rúadh agus bhí fios aige, sé sin d'fhéadfadh sé innseacht dhuit rudaí a bhí le teacht. Bhí mac amháin aige agus bhí sé ag brionglóidígh trí huaire go raibh carn mór óir i bhfolach in a leithéid do áit síos ar an dtráigh agus dubhradh leis comh maith a athair a thabhairt leis.

Oidhche amháin chuaidh sé féin agus a thair síos agus chúartuigeadar an áit agus fúaireadar pota mór óir thíos i bpoll in aice le cnocán gainimh. Thógadar aníos é agus siúd abhaile leo chomh tapaidh agus a b'féidir leo. Bhíodar ag siubhal gar don fharraige nuair a chonnaic an mac rud éigin ag teacht iseach leis an taoille. Dúbhairt sé lena athair go rachaidís amach go bhfeicidís céard a bhí ann.
Amach leo agus céard a déarfadh an mac acht an pota d'fágaint ar an tráigh go dtiocfadh sé isteach. Nuair a bhíodar amuigh d'fiafruigh an t-athair de cár fhág sé é agus dubhairt sé gur fhág sé san áit a bhí an gealach ag taitneamh. 'A a amadáin' ars an t-athair an áit a bhí an gealach ag taitneamh an uair sin, níl sí ag taitneamh ann anois

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Brígid Ní Cuideagáin
Inscne
baineann
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Faisnéiseoir
Maighréad Ní Cormaic
Gaol
ní fios
Inscne
baineann
Aois
45
Seoladh
Dumha Dhearc, Co. Mhaigh Eo
Teanga
Gaeilge