Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 233

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 233

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 233
  3. XML “An Caiptín Máilleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An chéad lá de mhí 's d'Fhoghmar do thóigeamar ár seolta,
    Ag breathnughadh ar na cóstaí ag Tóim an Mhionnáin thiar,
    As sin suas go Cliar iath Acaill Beag ina dhiaidh sin,
    Inis Tuirc taobh thiar de mar bhí iarraidh orainn ann,
    Suas le Rinn a' Mhaoile is anuas le Cró na Caoile,
    Cloigeann le n-a thaobh sin 's Tráigh Bhrighde ina dhiaidh,
    Gur dóirteamar le fánaidh anuas thríd fhairrge cháithte,
    Go dtainigeamar chun na Ráithe mar is ann a bhí ár dtriall.
    Ar sgeinneadh dhúinn thar Árainn annsiúd a neartuigh an gáladh,
    Bhí cúrsaí istigh ár sáith againn, 's níor thráth dhá fhail
    Chuaidh an oidhche chun feochain is as sin chun cuacha móra,
    Thóigeamar ár seolta 's níor mhór dúinn féin é,
    Shéid an fairrge 's phléasg sí ina
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Mhaolalaidhe
    Inscne
    Baineann