Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 221

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 221

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 221
  3. XML “Cúl na Beinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dhá mbéidhinn féin i Mám a' Gháir,
    Dubhach is páipéar a bheith agam ann,
    Ba deas a sgríobhfainn i ndubh is a mbán,
    An moladh áluinn a bhí-ar an ngleann;
    Gurb' é n-iarrfainn d'impidhe ar Rígh na nGrásta,
    I ntleacht hómair a bheith in mo cheann,
    Is gur le n-a mhaitheas ba mian liom trácht air,
    Act fairíor géar ! i go bhfuil m'intleachts fann.

    Sé dubhairt fear as Acaill liom, "Ná ort buaireadh,"
    Ná bhí ag gol is ag éagcaoin i ndiaidh Cúl na Beinn."
    Bhéarfad bean duit is dhá chéad bó léithi,
    Is acra móinfhéir i n-aghaidh gach cinn,
    Bád is eangacha is bíom, i n-éinfheacht,
    Is beream éadáil isteach o'n tuinn,
    Is sílim féin gur fearr an méid sin,
    Ná beith ag gol nó ag éagcaoin i ndiaidh Cúl na Beinn."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Proinnsias Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Bhairéad
    Gaol
    Ní fios
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)