Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Filí na hÁite - Séamas Coscar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. SÉAMAS COSGAR as Beanchor. Bhí sé ag siubhal thart lá agus thuit an dorchada. Níor fhéad sé lóistín fhághail. Shuidh sé i dteach agus chum sé an Abhann Mhór. Tar éis sin bhí fáilte roimhe i ngach áit.

    An Abhann Mhór

    Céád slán duit a Abhainn Mhór
    'Sé bhrón gan mé anocht le do taobh
    Nach iomdha sin bóthar caol uiagneach
    ag dul idir mé agus í.
    Nach ann a bhéadh an spórt Dia Dómhnaigh
    Is go mall tidheacht na h-oidhche,
    Bheadh gloineadh os cionn buird ann,
    Is cómhluadar geanamhail lé suidhe
    Tá mo rúitíní gearrtha is ní áirighim

    Tá m'ioscada fann,
    Ó shíor-árdúghadh an mhála
    Leis an bpian atá 'mo dhruim
    Tá mé i bhfad ó mo cháirde,
    Is níl áit agam a leigfinn mo sgíth
    Is níl ball ar bith slán díom nach bhfuil fágtha
    Nó fuagradh a bheith tinn
    beo
    Bhéarfaidh mé mhóide is dócha liom,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge