Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 206
  3. XML “Tithe sa tSeanaimsir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tighthe an-bheag a bhí aca fadó, aus iad íseak. Bhí siad déanta de chlothaibh agus dóibh. Áit ar bith nach raibh clothaibh le fághail dóib ar fad atá ins na ballaibh. Cuma ceithre-cúinneach a bhíodh ionnta. AN t-ádhmad a bhí san díon fritheadh sa bportach é go minic. Is minic a bhí an t-ádhmad ocht dtroighthe síos sa bportach. Déanrtaoí cúplaí agus taobháin de'n ádhmad. Bhíodh sgraith leaghtha anuas ar na taobháin agus clúdach tuighe air. Créafó ná leacracha a bhíodh mar urlár aca má bhí leacracha go fairsing ann. Tré pholl sa mballa a tagann daoine isteach is amach agus thagadh an solus isteach chomh maith. Nuair thagadh an báisteach cuirtí cochán ná frao [?] sa mballa. Bhíodh an deatach ag dul amach tré pholl sa díon ná amach an doras. Ní raibh fuinneóg ar bith ann
    Bhíodh an teine ar an teallach le h-ais an bhalla. Théigheadh andeatach amach tré pholl sa díon. Bhíodh leabaidh i gcúinne de'n chistin. Cailleach a tugann mar ainm air. Is annsin a chodhluigheadh an t-athair agus an máthair. Bhíodh leabaidh ná
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Cearáin
    Inscne
    Baineann