Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 200

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 200
  3. XML “Pósadh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is i n-Inid beagnach i gcomhnaidhe bheith an pósadh fán dtuaith fadó. Beirt nach mbéádh aithne ar a chéile théigheadh siad chun an aonaigh cuirfeadh duine muinteardha i nai [?] ne dá chéile iad. Bheith spré an chailín óig socruighthe aca annsin. Beithidhigh is mó i gheibhfeadh siad fadó. Lá na bainn [?] bíonn na comasanaa cruinnuighthe i dteach an fhir óig. Sul a rachas an lánamhán nua phósda abhaile, téigheann na daoine ar a nglúnaí agus briseann siad cáca mine coirce ós cionn an lánamhán. Tugann siad píosa de'n cáca díobhtha agus píosa de gach duine eile. Ní théigheadh an cailín nua-pósta amach an chéad Dómhnach nó ní théigheadh sí abhaile go ceann míosa. Chreid na sean-daoine nach mbéadh an t-ádh ar mnaoi ar bith a thugadh cuairt abhaile go ceann mí ar a laighead. Thagadh clamuidí go teach ar bith a mbeadh bainis ann dhéanadh siad damhse, ceol agus amhránaidheacht. Teach ar bith na mbéadh failte rómpa ní bhfuigheadh siad tada le n-ithe ná le n-ól. Chuirfeadh sin fearg ar na clamuidí agus dhóighfea
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Cearáin
    Inscne
    Baineann