Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Mo Cheantar Féin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá mé mo chomhnaide i nGleannchuillinn. I bparoiste Cill t-Séine atá sé agus i mBarúntacht Iorrais. Tá fiche tighthe ann. Níl fothrach sean tighe ar bith ann. Tá díon tuighe ar a leath aca agus díon slinne ar an leath eile. Tugadh an tainm sin air mar is gleann atá ann agus bhí crainn cuillinn ag fás ann fadó. Sé Cearáin an sluinneadh is cuitceannta atá ann. Tá deichneamar sean daoine ann agus tá siad ionnán an Gaedhilg a labhairt go maith. Tá go leór de mhuinntir an bhaile i Meiriochá. Níor luadhadh ainm an bhaile ariamh in aon amhrán. Tá dhá abhainn ag rith le fánaidh ó'n taobh thoir agus isteach sa loch ar an taobh thiar do'n ghleann. Tá talamh saidbhir ar gach taobh do'n dá abhainn. Is minic a thagas tuille san abhainn agus sguabann sé leis féir agus milleann sé na barraí. Tá coill beag ar an taobh thuaidh don ghleann. Rinne Sasanach teach mór ann, mar is breágh an áit é le fobhlaireacht agus iasgaireacht. Tá cearca fraoigh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádraig Ó Cearáin
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge
Suíomh
Gleann Chuilinn Íochtarach