Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 182
- XML “Pisreoga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- dalladh 21/7/'38
Má díolann fear beithidheach deirtear nach mbeidh an t-ádh ar an mbeithidheach sin muna bhfágann an ceannuightheóir roinnt beag airgead ar ais.Má tá duine ag dul ar aistear agus aon mheáig amháin fheiceál creideann sé nach mbeidh an an t-ádh air acht má fheiceann sé dhá mheáig beidh a mhalairt de sgéul aige.Má thagann duine isteach sa teach oidhche Nodhlag-Mór ní ceart é leigint amach gan biadh agus deoch a thabhairt dó.Má's í bean an duine is túisge a rabhas(?) isteach i dteach maidin Lae Nodhlag Beag beidh an mí-ádh ar na daoine sa teach sin, acht más é fear a ghagas isteach béidh fáilte roimhe.
An chéad béile de fataí nua leagtar trí cinn ar an mbord. Ni itheann duine ar bith iad acht nuair a bhíonn an béile caithte tugtar do'n madadh iad.
Ní ceart teach nua a dhéanamh treasna sean casáin nó deirtear nach ceart fad siar a dhéanamh as teach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Fhlannaidhle
- Inscne
- Baineann