Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 174
- XML “Lá Fhéile Stiofáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)siad an rann seo i ngach teach.Dreóilin, dreoilín, rí na n-éan,
Is mór é a muintear is beag é féin
Eirghe suas a bhean a tighe
Is tabhair a bheag nó a mhór do'n dreoilín,Téigheann na daoine fásta thart freisin agus iad gléasta cosamhail le Santa Claus. Bíonn siad ag seinm ag damhsa agus ag bailiughadh airgid.
Seachtmhain o lá Nodhlag bíonn lá Nodhlag beag. An oidhche deiridh de'n sean-bhliadhain coinghbhuightear é cosamhail le Oidhche Nodhlag. An céad lá de'n bhliadhain nua sin lá Nodhlag beag. Bíonn féasta mór i ngach teach an lá sin. Mas í bean an chéád duine a thagas isteach ar maidin deirtear nach mbéidh an t-adh ar an teach sin. Bíonn damhsa ag an aos óg an oidhche sin. Oidhche an cúigeadh lá bíonn dhá coinneall déág lasta ar an bhfuinneóig agus iad a rádh an paidirín. Lá'r na bhárach sin é an céád lá de'n Inid.- Bailitheoir
- Pádhraig Ó Cearáin