Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Cuileann | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

FÉILE MÁRTAN

Marbhuigheann muintear an tighe gé i gcuimhne Mártan. Dóirteann siad an fuil ag doras an chistinighe. Creideann na daoine go mbéadh an t-ádh ag an duine a dhéanann sin agus nach dticofaidh an sionnach le na héanacha a ghoid i rith na bliadhna. Deireann siad fuil go Mártan trí huaire i ndiaidh a chéile nuair a tá siad ag dóirteadh na fola(?).

'Sé an Nodlaig an féásta is mo sa mbliadhain. Crochann na daoine cuilleann agus eidhneán agus druad-lus i ngach seómra le na mhaiseadh. Lastar coinneal i ngach fhuinneóg sa tighe Oidhche Nodlaig i n-onóir Íosa Críost mar sé solus an domhain é. Bíonn doras an tighe ar osgailt tar-éis meadhon oidhche. Bíonn an Mhaidhean Mhuire ag dul thart leis an leanbh agus bféidir go dteasdóchadh uaithe theacht isteach. Múchtar na choinnle le linn dul a chodhladh do na daoine

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Pádhraig Ó Cearáin
Inscne
fireann
Teanga
Gaeilge