Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 166

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 166

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 166
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na daoine annseo go mbiodh an teine i lár an urláir.
    Níor chualadar ariamh é.
    Dha dhoras a bhíodh sa gcistineach sa gceann b'fuide ó'n teine. Ní bhíodh aon cóinnla orra. Gais fatai nó cotán a bhíodh ionnta san oidhche agus ní bhíodh tada ionnta sa lá. Craiceann caorach a bhíodh ins na fuinneóga. Ní bhíodh acht fuinneóg amháin ar gach aon tseomra.
    Cré agus clocha a bhíodh san urlár mar ní raibh aon leacracha le fagháil. Bíonn leath-dhoras aca anois ach ní bhíodh fadó mar is ins an gcistinigh a bhíodh na cearca agus is ins an gcistinigh a beathuigheadh íad agus bhíodh thuas ar an b'fara san oidhche.
    Bhí neart móna aca sa gceanntar seo agus tá go fóill. Cuirte giumhsach ar an teine nuair a theastuigh solus uatha. Bhíodh an luachair aca agus é tomtha i ngeir caorach. Annsoin thainig an pairifín i n-úsáid agus bhíodh lampaí stáin aca.
    [ sketch ] an buaiceas
    Bhí fear ar an mbaile seo tuairm 70 bliadhan ó shoin ba búistéir é. Bhí múnla aige agus déanadh sé coinnlí as geir na gcaorach agus dhioladh sé íad.
    Diolán giumhsaighe[?]
    Sean-fhocal - Damhsa le giumhsach[?] damhsa gan fiúntas.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Micheál Ó Conamhacháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tulachán Bán, Co. Mhaigh Eo