Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 146
  3. XML “Oileán Éadaigh nó Sail Óg Rua”
  4. XML “Amhrán na Pictiúire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Seisean ag breugadh an leinbh sa gcliabhán le amhrán agus is é Sail Óg Ruadh a bhí d'á rádh aige. Thuig na dearbhráithreacha annsoin méid a grádá d'á mhnaoi agus philleadar abhaile gan cur isteach air.

    Micheál Mac Thamhais O.S.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Amhrán na Pictiúire

    Triall ar m'aistear i mí na Bealtaine

    Triall ar m'aistear i mí na Bealtaine
    Bhain seachrán fáin dom mar gheall ar mhnaoi
    Bhí an oidhche dorcha agus ag triall chun bháistigh
    Agus bhí in sa ? tráth sin ar uair a naoi
    Thainig sgannradh orm, criothnú is eagla
    Nídh nár náire dhom do gheit mo chroidhe
    Níor bhfada ná go bhfaca mé an fear gan snáithe
    Agus a chlaidheamh tarainte aige ar chúl a chinn.

    Seo é an méid de'n amhrán seo a bhí ag Pádhraic. Bhí beirt dearbhráithreacha de'n Chlainn tSuibhne in a gcómhnuidhe i n-Acaill. Duine aca a chum an t-amhrán seo. Bhí tóir aige ar chailín óg agus bhí sé dhul chuig a teach. Bhí ioghmháigh fir a briseadh anuas de luing agus a caitheadh isteach sa mbruth fá thír in a seasamh sa mbearnain roimhe ag cleasaidhe eicínt.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Mag Guibhir
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Fireann