Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ní'l a fhios ag na daoine acht chomh buaidheartha a bhím-se,
An tráth a smaonuighim ar stór mo croidhe,
A's gur sínte léithe a bhínn feadh na h-oidhche,
Is idir a dhá chíc gheal a bhíodh mo lámh
Ní'l gar dom ag cuimhniú go bhfuighidh mé choidhche í
I mbun mo thighe nó mo leanbh bán
I's go bfuil fuil mo chroidhe ag tigheacht na taomaí
I's a Dhia, cé hiongnadh dhom a bheith i ndéidh mo ghrádh
* * *
Fuaireas an t-amhrán seo ó Phádhraic Mac Guibhir. B'as Inis Sgéidh Sail Óg Ruadh. B'as Oileán Éadaigh a fear. Eisean a chum an t-amhrán agus an fonn atá leis, is dóigh. Tá Oileán Éadaigh i n-aice le Caisleán a Bharraigh.Bhíodh sé go minic i mBeul a Mhuithrid ag ceannach beithidheach agus ar cheann de na hócáidí sin chonnaic sé Sail Óg. Thuit sé i ngrádh léithe agus phós sé í in aois a sé bliadhna deug. Deug sí go hóg ag fágaíl triúr páistí na déidh. Nuair a chualaidh a triúr dearbhraáithreacha go raibh sí marbh chuadar suas go Oileán Éadaigh le sásamh a bhaint as mar shíl siad gurab amhlaidh a rinneadh éagcóir uirri. Nuair a shroicheadar an teach mhothuigh siad an ceól fior-bhrónach. Sheas síad an taobh amuigh ag éisteacht. Is amhlaidh a bhí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)