Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)

Suíomh:
Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Mícheál Mac Támhais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Dubhthuama
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Oileán Éadaigh nó Sail Óg Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní'l a fhios ag na daoine acht chomh buaidheartha a bhím-se,
    An tráth a smaonuighim ar stór mo croidhe,
    A's gur sínte léithe a bhínn feadh na h-oidhche,
    Is idir a dhá chíc gheal a bhíodh mo lámh
    Ní'l gar dom ag cuimhniú go bhfuighidh mé choidhche í
    I mbun mo thighe nó mo leanbh bán
    I's go bfuil fuil mo chroidhe ag tigheacht na taomaí
    I's a Dhia, cé hiongnadh dhom a bheith i ndéidh mo ghrádh

    * * *

    Fuaireas an t-amhrán seo ó Phádhraic Mac Guibhir. B'as Inis Sgéidh Sail Óg Ruadh. B'as Oileán Éadaigh a fear. Eisean a chum an t-amhrán agus an fonn atá leis, is dóigh. Tá Oileán Éadaigh i n-aice le Caisleán a Bharraigh.
    Bhíodh sé go minic i mBeul a Mhuithrid ag ceannach beithidheach agus ar cheann de na hócáidí sin chonnaic sé Sail Óg. Thuit sé i ngrádh léithe agus phós sé í in aois a sé bliadhna deug. Deug sí go hóg ag fágaíl triúr páistí na déidh. Nuair a chualaidh a triúr dearbhraáithreacha go raibh sí marbh chuadar suas go Oileán Éadaigh le sásamh a bhaint as mar shíl siad gurab amhlaidh a rinneadh éagcóir uirri. Nuair a shroicheadar an teach mhothuigh siad an ceól fior-bhrónach. Sheas síad an taobh amuigh ag éisteacht. Is amhlaidh a bhí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Mac Thámhais
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)