Scoil: Dubhthuama (uimhir rolla 14193)
- Suíomh:
- Dumha Thuama, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Mícheál Mac Támhais

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 134
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhthuama
- XML Leathanach 134
- XML “Na Tiarnaí Talaimh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Eilís Eilíne Biongam a bhí mar thighearna talaimh ar Dubh-thuama agus Biongamach an Chaisleáin ar an Ráíth. Bhí tulachán bán ag Seán-Ceartar, Tulachán Dubh ag an mBiongamach. Bhí Dubh-loch ag Ártúr Biongam. Tá a mac Donnchad annsin go fóíll. Bhí Gaoth-Sáile agus Duthaigh Dheirc ag Seán O Ciaráin. Fuair sé an talamh le n-a bhean. Ba de muinntir Chormaic í. Ba Major Seán Mac Cormaic a h-athair. Ba lé Seán O Ciaráin an teach ósta gurab ainm dó "Teach Ósta Iorruis" agus ba siopadóír mór é. Sgris a bhean é agus chaill sé gach a raibh aige. Bhí deirbhsiúr eile léíthi pósta ag Micheál O Gallchobhair a bhí in a chomhnuidhe le cois na hAibhne Móíre i Letty's Lodge in aice Bheanncor Iorruis. Ba leis an Micheál seo iasgaireacht na h-aibhne annsin. Ba íád na Breathnuigh na cinn-tighearnai ar an iasgaireacht seo agus nuair a bhí an léas caithte cheannuigh Micheál O Raghaillaigh Beannchor Iorruis é. Is le n-a chlainn an talamh anois chómh maith.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Micheál Mac Thámhais
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Conamhacháin
- Gaol
- Ní fios
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gaoth Sáile, Co. Mhaigh Eo